Ráiteas Inrochtaineachta Suirbhé

Baineann an ráiteas seo leis an Suirbhé ar Shásamh Custaiméirí (CSS), atá á bhainistiú ag Lárionad na Straitéise Iompair ag an gColáiste Impiriúil, Londain thar ceann bhaill an Ghrúpa Idirnáisiúnta Tagarmharcála Busanna (IBBG). 

Teastaíonn uainn go mbeidh a mhéad daoine agus is féidir ábalta an suirbhé a úsáid. Mar shampla, ciallaíonn sin gur cheart go mbeifeá ábalta: 

  • Do bhealach a dhéanamh thart ar fhormhór an tsuímh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid 
  • Éisteacht le formhór an tsuímh gréasáin agus léitheoir scáileáin á úsáid 
  • Méid an tsuímh gréasáin a athrú go méid d’fhuinneoige agus méid téacs inléite a thaispeáint ar pé gléas atá á úsáid agat 
  • Zúmáil isteach a mhéad le 500% gan an téacs a bheith ag imeacht ón scáileán

Cuirtear comhairle ar fáil ar AbilityNet ar do ghléas a dhéanamh níos éasca le húsáid má tá tú faoi mhíchumas. 

Saincheisteanna inrochtaineachta a thabhairt le fios 

Rinneadh tástáil ar an CSS ó thaobh inrochtaineachta, agus tá iarrachtaí seasmhacha á ndéanamh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht i measc ghnéithe uile an tsuirbhé. Baineann Qualtrics caighdeáin WCAG 2.0 AA amach.

Má theastaíonn an suirbhé uait i bhformáid eile, déan teagmháil le v.mohanakumar-jaya@imperial.ac.uk. Déanfaimid athbhreithniú ar d’iarraidh agus déanfaimid teagmháil leat i gceann seacht lá. 

Conas a thástálaimid an suíomh gréasáin seo 

Rinneadh an tástáil dheireanach ar an suirbhé seo i dtaobh comhlíonadh inrochtaineachta in Eanáir 2026, agus tugadh faoi na tástálacha seo go hinmheánach.